← Deirtear gurb é an fáth atá an t-ainm sin ar an áit ná go raibh go leor raithní ag fás ann, ach níl ann ach scéal mar is í seo an chaoi a bhfuair sé an t-ainm. 🔊
← Sa t-sean aimsir bhí na Fíanna ag fiach ann lá amháin. 🔊
← Shéid Fionn a dhord ansin agus chruinníodar go léir timpeall tine mhór a bhí ag lasadh. 🔊
← Bhíodar ansin ag ithe agus ag ól agus ag déanamh spóirt, go dtí gur thit gach duine a bhlaisigh feol na fia, ina dtoirchim suain. 🔊
← Nuair a tháinig Goll amach, thosaigh Raithnigh ag magadh faoi. 🔊
← Ba é sin go gcaithfeadh sé an fharraige a choinnéal amach tré bheith ag caitheamh clocha léi, agus go mbainfidh an cloigeann de más rud é nach raibh sé in ann an ghaisce a dhéanamh. 🔊
← Rinne Conán an gníomh agus tugtar "Trá Chonáin" ar an áit a raibh sé ag caitheamh clocha in aghaidh na farraige. 🔊